Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2013
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2013.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos
Cludaigh agus Clar
Torthaí Airgeadais an Státchiste do 2013
Fiachas an Rialtais
Cuntasaíocht Vóta agus Bainistíocht Buiséid
Cuntas a thabhairt i Sheirbhísí Gníomhaireachta Oifig na nOibreacha Poiblí
Maoiniú a Thugann an Rialtas Láir do na hÚdaráis Áitiúla
An Scéim Chomhiomlánaithe Talún
Nithe ag éirí as iniúchadh ar Vóta 25 Comhshaol, Pobal agus Rialtais Áitiúil maidir le Seirbhísí Uisce
Oibriú na Seirbhíse um Fhreagairt Glaonna Éigeandála
Cuntas a Thabhairt i gCaiteachas Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann
Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh
Rialú Liúntais Leasa Fhorlíontacha
Cúnamh Feirme
Maoiniú Pinsean Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann
Soláthar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Cáin Mhaoine Áitiúil
Cánachas ar Ioncam Cíosa
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann